BA (Hons) (NFQ Level 8)
Curricular information is subject to change.
Open AllIs í an Ghaeilge teanga an chláir seo seachas na modúil ar an léann Ceilteach agus modúl comónta ar an aistriúchán.
Bliain 1
Sa chéad bhliain déantar cúig mhodúl a chlúdaíonn cruinneas agus forbairt na Gaeilge, scríbhinní iriseoireachta agus scileanna bunúsacha tosaigh san aistriúchán. Is féidir le mic léinn dhá mhodúl tosaigh a roghnú ón tSean- Ghaeilge, ón mBéaloideas agus ó Léann na hÉireann (a mhúintear trí mheán an Bhéarla).
Bliain 2
Sa dara bliain déantar staidéar ar chroímhodúil ar nualitríocht na Gaeilge, ar fhilíocht na Gaeilge (c.1650 go dtí an lá atá inniu ann), iriseoireacht na Gaeilge, an ghramadach agus an t-aistriúchán dlíthiúil. Is féidir dhá mhodúl a roghnú ó Filíocht na Gaeilge roimh an Ghorta, an Ghaeilge ar an Scáileán, agus Literacy and learning in Early Irish nó Poets and Performance in Celtic Civilization.
Bliain 3
Sa tríú bliain bíonn rogha ag mic léinn dul ar bhliain nó ar sheimeastar thar lear, seimeastar sa Ghaeltacht, tráchtas/ togra aistriúcháin, nó 30 creidiúint de mhodúil roghnacha.
Bliain 4
Déanann an mac léinn sé chroímhodúl sa cheathrú bliain, Prós na Gaeilge ina measc. Tá dhá mhodúl ar an aistriúchán liteartha agus ar an aistriúchán ghairmiúil mar aon le modúl idirdhisciplíneach a dhéanann anailís ar stair agus ar fhorbairt choincheap an aistriúcháin in iarthar an domhain.
Measúnú
Usáidfear stíleanna éagsúla measúnaithe sna modúil ar fad idir scrúduithe, aistí, ghrúpobair, thionscnaimh, thráchtais agus thaithí oibre.
Tá cáil ar an Ghaeilge i UCD as feabhas i dtaighde agus i dteagasc ag leibhéal fochéime agus iarchéime a neartú. Taobh le féidearthachtaí do MLitt agus PhD is féidir le mic léinn leanúint le MA: Scríobh & Cumarsáid agus MA sa Nua- Ghaeilge. Ghnóthaigh mic léinn ó na cúrsaí seo scoláireachtaí Fulbright agus Fondúireacht Cheanada-Éireann mar chomhaltaí teagaisc sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.
“Tá dhá thuairim agam nuair a smaoiním ar mo thaithí mar mhac léinn Nua-Ghaeilge anseo in UCD. Ar dtús, is áit iontach fháiltiúil í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis chun staidéar a dhéanamh inti. Bhíodh ranganna na léachtóirí i gcónaí suimiúil, lán eolais agus taitneamhach. Mar aon leis sin, lasmuigh de na léachtaí, bhíodh caidreamh láidir i gcónaí agam le mo chomh-mhic léinn agus le foireann uile na Scoile. D’aimsigh mé teaghlach nua na Gaeilge anseo, sinn ag foghlaim le chéile, ag ithe lóin le chéile sa Seomra Caidrimh, agus ag caitheamh laethanta iontacha órga le chéile sa Ghaeltacht. Ní ábhar ollscoile amháin í an Ghaeilge in UCD: is teanga bheo í agus is foinse pobail í freisin.”
Stiofán Ó Briain, Graduate
UCD School of Irish, Celtic Studies & Folklore
Newman,
Belfield,
Dublin 4
Email: bairbre.nichonchuir@ucd.ie