Visit myucd.ie

18 Meitheamh 2025

Ábhar: Líne chabhrach UCD d’Athrú Intinne an CAO ar oscailt 16 Meitheamh – 1 Iúil

Agus tú ag cur do rogha Ollscoileanna i gcrích, b’fheidir gur spéis leat na cúrsaí atá ar fáil againn a phlé linn. Bheadh áthas orainn cuidiú leat le cibé ceisteanna atá agat. Is iomaí bealach chun teagmháil a dhéanamh linn, mar sin, tabhair cuairt ar ár leathanach eolais.

Féach na dátaí tábhachtacha thíos chun cuidiú leat an Samhradh a phleanáil:

  • 1 Iúil: Dáta deiridh d’Athrú Intinne an CAO ar 5:00pm
  • 5 Lúnasa:  Randamófar na hiarratais don lóistín. Is féidir clárú don lóistín ar www.ucd.ie/residences
  • 27 Lúnasa: Tairiscintí Bhabhta 1 ar fáil óna 2:00pm
  • 2 Meán Fómhair: Dáta deiridh chun glacadh le Tairiscintí Bhabhta 1 ar 3:00pm
  • 3-5 Meán Fómhair: Ionduchtú do Mhic Léinn fochéime na chéad bhliana. Beidh na hamchláir don ionduchtú ar fáil anseo ón 12 Lúnasa
  • 8 Meán Fómhair: Cuirfear tús leis an téarma acadúil do Mhic Léinn fochéime na chéad bhliana

Tá súil againn fáilte mhór a chur romhat chuig Pobal UCD mar mhac léinn fóchéime i mí Mheán Fómhair 2025. Beidh tuilleadh eolais ar fáil ar https://www.ucd.ie/newstudents maidir le hionducthú, clárúchán agus tús an téarma sna seachtainí amach romhainn.

Idir an dá linn, bain sult as an Samhradh.

Is mise le meas,

An tOllamh Colin Scott
Cláraitheoir agus Uachtarán Ionaid

Clárlann UCD
Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath
Belfield, Baile Átha Cliath 4
D04 V1W8

Faigheann COBÁC do shonraí ón CAO agus déanfar iad a bhainistiú i gcomhréir lenár mbeartais RGCS. Má tá tú i ndiaidh fáil réidh le do roghanna COBÁC, ná bíodh imní ort go bhfuil tú i ndiaidh seo a fháil, ós rud é go bhfuil moill bheag ar na taifid a uasdátú ón CAO go CÓBAC.

Féach ar an Leagan Gaeilge

————————————

tiktokInstagramFacebookYouTube

 
 

Visit myucd.ie