BA (Hons) (NFQ Level 8) OR BSc (Hons) NFQ Level 8)
Curricular information is subject to change.
Open AllTá atmaisféar foghlama bríomhar, scolártha ar fáil sna léachtaí agus sna ranganna teagasic agus tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, rud a chuirfidh go mór leis an spéis agus leis an taithí atá agat san ábhar. Tabharfaidh na modúil atá ar fáil sa Nua-Ghaeilge léargas duit ar réimsí léinn nuaaimseartha agus stairiúla, idir theanga agus litríocht – Fionn agus na Fianna anuas go dtí TG4 agus go leor eile.
I measc na gcúrsaí a chuirtear ar fáil tá:
Spreagtar rannpháirtíocht sna ranganna beaga teagaisc agus cuirtear deiseanna cumarsáide ar fáil sna ranganna comhrá. Beidh an deis agat, mar sin, feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga agus aithne níos fearr a chur ar mhic léinn eile le linn na céime, go háirithe agus tú ag freastal ar an gcúrsa Gaeltachta. Beidh éagsúlacht bhreá measúnaithe i gceist, freisin, idir scrúduithe foirmeálta agus mheasúnú leanúnach.
Study Irish |
---|
Study Irish (BSc Social Sciences) as a minor with one of the following: |
---|
Archaeology | Political & International Relations |
Economics | Sociology |
Geography | Information & Communication Studies |
Philosophy |
Tá deiseanna ar fáil do mhic léinn Ghaeilge staidéar a dhéanamh in ollscoileanna thar lear, lena n-áirítear:
Láithreoir teilifíse, múinteoir ranga, aistritheoir, taighdeoir, cóipeagarthóir, riarthóir san Aontas Eorpach, ateangaire, léachtóir nó iriseoir. Tá mórán deiseanna spreagúla ann i gcomhair céimithe le Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
Tá cáil ar an Nua-Ghaeilge i UCD as feabhas i dtaighde agus i dteagasc fochéime agus iarchéime a chothú agus a chur chun cinn. Tá cúrsaí nuálacha rathúla múinte ar fáil do mhic léinn: MA/Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge agus Dioplóma Iarchéime/MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, mar aon le cailíochtaí taighde Mlitt agus PHD.
“My lecturers in UCD have always encouraged me to balance academic work with extra-curricular activities. In first year, I joined the Cumann Gaelach and later became Oifigeach Drámaíochta. My time as a student here has been a fantastic experience that would not have been possible without the support of my lecturers.”
Conall Mac Dhonnagáin, Graduate
UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore & Linguistics
Newman,
Belfield,
Dublin 4
Tel: +353 1 716 8385
Email: bairbre.nichonchuir@ucd.ie